Back to Bord Planeála Appeal page


Achomhrac go Bord Pleanála

Tá muid ag déanamh achomhairc i gcoinne chead phleanála a thabhairt don iarratas seo ar na cúiseanna seo a leanas:
Ní h-é leas na tire ná leas Phort Mearnóg a thiocfaidh as.

Cúrsaí Eacanamaíochta

(a) Níl Anailís Leasa Chostais déanta ar an dtogra mar is gá, de réir mar atá leagtha amach í dtreoirlínte na Roinne Airgeadais, do thograí a mbaineann costas os cionn €50m leo.
(b) Tá tailte Aerfoirt BÁC an-luachmhar agus ní dhearnadh aon staidéar ar roghanna áiteanna eile don togra m.sh. tairiscint Bhord na Móna tailte oiriúnacha a chur ar fáil taobh thiar theas de Bhaile Átha Cliath nó fiú ar Bhaile Dhomhnaill a úsáid do na heitiltí. Freisin trí chomhoibriú trasteorann le hAerfort Bhéal Feirsde agus trí úsáid tailte an Stáit i mBaile Ghormáin d'fhéadfaí leas níos fearr a bhaint as acmhainní an Phobail.
(c) Tá sé (an togra) in aghaidh polasaí díláraithe an Rialtais mar cuirfidh sé le borradh eacnamaíochta i mBaile Átha Cliath agus méadóidh sé ar phlúchadh ar bhóithre máguaird in áit cur le forbairt na réigiún.
(d) Cuirfidh sé moill ar fhorbairt na nAerfort Réigiúnach sa méid is mar a mhéadaíonn Aerfort mór bíonn siad in ann níos mó eitiltí a chur ar fáil níos saoire agus níos minicí .Tá an cruthú le feiceáil ón méid busanna a mbíonn triail orthu go BÁC gach lá ó cheann ceann na tíre.
(e) Nuair a ceadaítear aerfort ollmhór m.sh. Heathrow sa Ríocht Aontaíthe tagann an chuid is mó turasóirí i dtír ansin 85% i Londain agus ní bhogann siad i bhfad ón gceantar sin. Tá an claonadh céanna ag tosú in Éirinn le laghdù 7.5% ar thurasóirí taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath anuraidh
(f) Ní chuirtear 'buaicphoinnte na h-ola' san áireamh sna tuartha Fáis d'Aerfort BÁC.

Torann

Sainmhínítear torann mar fhuaim nach dteastaítear. Is í seo an fhadhb is mó a chuireann isteach ar phobail thart ar aerfoirt. Íocann na pobail seo go daor as ucht brabúis thionscail na hEitilíochta. Tá muidne i bPort Mearnóg ag fulaingt go mór cheana féin ó thruailliù torainn ón rùidbhealach 10/28.
Cé go bhfuil laghdù beag ar fhuaim (3dB ar eitileáin nua aimsireatha agus iad ag éirí/tùirlingt) mar sin féin de bharr méadú ar uimhreacha eitiltí bíonn an cur isteach agus ciapadh is measa ar dhaoine. Glacann Coimisiún na hEorpa leis seo i ráiteas i 1999. Dúradh cé go bhfuil feabhas ar an dteicneolaíocht cuirfidh an fás ar éileamh as riocht é.
Glacaimídne le treoirlínte an WHO (EAGRAIOCHT DOMHANDA SLÁINTE-iniata) .i. tosaíonn fuaim ag cur isteach ar dhuine ó 50dB agus cuireann sé isteach go mór ar dhuine ag 55 dB agus ar aghaidh, ach dár le tionscail na h-eitlíochta is 'fuaim íseal' é go 63 dB!
Ba cheart teorainn i bhfad níos ísle bheith sa timpeallacht thar oíche, sa seomra ranga, do pháistí óga, do dhaoine leochaileacha.
Níl an timpeallacht atá molta ag an WHO le fáil againne i bPort Mearnóg anois ní áirímíd an rúidbhealach nua.
1. Níl aon chosc ar eitilt thar oíche.
2. Ní cuirtear aon phíonós ar aerlínte eitleáin a scarann ón gcosán eitilte.
3. Níl aon uasluach ar thorann.
4. Níl aon uasluach ar sceitheanna.
5. Níl aon teorainn curtha ar eitleáin Cabidil 3 is mó torann.
6. Ní áirítear torann le minicíocht íseal.
7. Níl sásamh le fáil ó fhreagraí a faightear de bharr gearán ar an line gearáin.

Truailliú Aeir agus Uisce.

Do réir mar a mhéadaíonn aerfort méadaíonn truailliú ar aer agus uisce. Is foinse mhór truaillíthe aerfort. Sceitear déocsaoid Nitrigine, (No2) PM10,So2,Co2, Benzene agus go leor gásanna eile. Níl figiúirí do fhiúntas aeir do 2005 ar fáil fós cé go bhfuil siad iarrtha againne ó thús Mí Eanáir.
Is cúis imní dúinne go ndéanann Údarás Aerfoirt BÁC (DAA) a gcuid monatóireacht féin trí chómhairleoirí a fhostaíonn siad. Ní dhéanann Fine Gall monatóireacht ach ar Nox amháin ag Geata 12. Níl an fhéinmhonótóireacht seo sásúil in aon chor.
Seachas sceitheadh ó na heitleáin tá go leor truailliú ó ghluaiseachtaí carr san aerfort. Fiú amháin dar le Metro beidh na milliún gluaiseachtaí breise má ceadaítear an rúidbhealach nua le bóithre nua. Beidh praghas ard le n-ioc ag an dtír i leith Aontas Kyoto.
Maidir leis an uisce beidh méadú ar thuillte ar na bóithre ó ídiú talún ó athrù ithir go concréid, de bharr tógáil breis carrchlós, bóithre, críochphort agus rúidbhealach nua.
Cuirfidh an brú uisce as go mór do na srutháin áitiùla agus arís is cùis imní nach bhfuil ceadùnas IPPC ag an AERFORT, atá sa chuid is mó féin-rialáilihe.

Éifeacht ar shláinte an Phobail agus ar oideachas ár bpáistí

D'fhoilsigh Comhairle Sláinte na hIsiltíre tuairisc i 1999 a chinntigh : 'Bíonn éifeacht diúltach ag aerfort mór ar shláinte an phobail'. Dá dtugtaí cead don rúidbhealach nua bheadh Aerfort Bhaile Átha Cliath sa chatagóir seo le uasluach de 87 eitilt in aghaidh na h-uaire.
Táimidne ag éileamh Staidéar neamhspleach ar éifeacht an rùidbhealaigh ar shláinte an phobail mar gheall ar :
(a) Aigneacht Dr. A. Staines (iniata).
(b) Rialacha Forbartha agus Pleanála S.I. 2001 alt (28)1r- Fógra don Roinn Sláinte nuair a d'fhéadfaí go mbeadh éifeacht láidir ag an dtogra ar shláinte an phobail -Níl seo déanta.
(c) Is cúis imní an toradh a fuaireamar (iniata) ó chuardach ar an ngréasán agus ar éifeacht na leoithne gaoithe /farraige nó locha i Chicago faoin dteideal 'Truailliú Eitlíochta´(aistriùchán). Bíonn méadú ar ráta ailse agus galraí scamhóga i bpobail thart ar aerfoirt.
(d) 12 Meán Fómhair 2005 ritheadh rún d'aonghuth i gCómhairle Chondae Fine Gall ag áiteamh ar an mBainisteoir comhairle leighis a lorg i leith an togra seo.
(e) Tá sé luaite ar Phlean Forbartha an Chondae 2005 gur chóir éifeacht sláinte togra a lorg.

Oideachas Ár bPáistí
Taispeánann staidéir a rinneadh ar scoileanna (F.I.C.A.N. iniata teidil agus torthaí) go mbíonn páistí i scoileanna faoi chosáin eitilte i dtimpeallacht foghlama le míbhuntáiste leanúnach. As seo rinne an Coimisiún Eorpach coimisiniú ar staidéar Ranchproject (iniata agus Lancet Meitheamh 2005). Dhaingnigh an staidéar na cinn a luadh i F.IC.A.N. Moltar go mbeadh áit chiúin ag na páistí in aice baile. Ní bheadh le fail leis an rúidbhealach nua (féach léarscáil).
Tá ceist curtha faoi bhráid an choimisiúin faoi láthair 'Ar chóir leasú a dhéanamh ar na Treoracha Torainn de bharr an staidéar?'.
Ba chóir cead a dhiúltú cosán eitilte a chur trí cheartlár an bhaile ag cur isteach ar oideachas pháistí i gceithre scoileanna le thart ar 2,700 daltaí
Tá dualgas ar lucht pleanála cloí le Alt 45 (4)(2) dár mBunreacht, sé sin sláinte na bhfear, na mban agus na bpáistí a chosaint.

Cùrsaí sábháltachta
Do réir tuairisc an ERM 2003 treoirlínte (iniata) a bhfuil glactha ag an Roinn Cómhsaoil leo, dá gceadófaí an togra bheadh muid ag maireachtáil i ' gCrios Sábháltacht Seachtrach nó Crios Tuairt Eitleáin.' ina bhfuil páirc súgartha do pháistí óga (tógtha le déanaí ag C.C.Fine Galll mar aon le Pobalscoil Phort Mearnóg, Ionad Spóirt, páirceanna imeartha ina gcuirtear campaí samhraidh ar siùl. Óstáin le>100 leaba.
Muna mbeadh siad ann agus dá gceadófaí an rúidbhealach ní thabharfaí cead iad a thógáil faoi chosán eitilte.
Ba cheart don chomhthoradh seasamh.
Ós rud é go bhfuil leithead cosáin eitilte mór leathan agus go minic scarann na h-eitleáin uaidh, bheadh dhá bhunscoil, séipéal, ionad pobail, club C.L.G. i gcontùirt freisin agus na mílte duine ina n-áiteanna cónáíthe.
Chuirfí srian ar ghnáth fhorbairt pobail. Ní cheadófaí teach altramais a thógáil ná Óstán mór ná bailiúchán mór daoine.céard faoi na comórtais gailf/peile. Ach de réir Phlean an Chondae ba chóir turasóireacht a chothù sa cheantar seo.

Fiúntas Saoil
Tá muid ag fulaingt ó thrúailliú torainn agus truailliú aeir cheana féin. Ní féidir linn fuinneoga a oscailt chun iarracht codladh na h-oíche a fháil. Ní féidir cumarsáid a dhéanamh gan béicíl taobh amuigh dár dtíthe. Bíonn sé deacair éisteacht ar an nguthán nó labhairt taobh istigh go minic. Ní féidir le sean nó óg pléisiùr a bhaint as a ngáirdíní. Méadaítear strus do réir mar a méadaítear uimhir na n-eitiltí. Cuirtear isteach ar sheirbhísí agus imeachtaí eaglasta go rialta de bharr torann.
Mhéadófaí an cur isteach seo go mór dá gceadófaí an rúidbhealach nua. Bheadh saoire nó lá cois farraige scriosta do mhuintir na h-áite, do mhuintir na cathrach a thagann ar an Domhnach agus do thurasóirí ó chian agus ó chóngar.

Bheadh Údarás an Aerfoirt sásta ionsulú a dhéanamh ar an bpobalscoil ach níl aon chruthú go n-oibreodh sé (féach Ranch, bheadh na fuinneoga dúnta, méadù ar asthma). Ós rud é go bhfuil gá le cuid den churuculam a mhúineadh taobh amuigh den seomra ranga bheadh sé dodhéanta.
Táimid bródúil as an gcaoi a gcaithimid le na daoine laga inár sochaí -Prosper Fine Gall ag oiliùnt daoine óga le míchumas chun oibriú i mbialainn agus riaradh siopa, a dhíolann a gcuid saothair ó obair láimhe leis an bpobal. Cuirfidh méadú torainn isteach go mór orthu chomh maith leis na daoine agus na hoibhríthe i dteach Rosalie a thugann aire do mhná le míchumas agus go minic cabhraíonn oibrithe deonacha leo dul amach ag siúl ar an trá. Beidh méadú ar deachrachtaí cumarsáide.(féach Treoirlínte WHO i leith daoine leochaileacha).
Molann WHO fuaim an-íseal 35 dB do pháistí réamhscoile ach beidh 80 dB agus níos mó sa pháirc súgartha agus sna campaí samhraidh.
Níl aon "Cur chuige i dtreo na cothromaíochta i réim ag Aerfort Átha Cliath mar atá ráite i dTreoracha 2002/30/EC
Do réir Treorach 2002/49/EC ba cheart torann ó fhoinse torainn atá lasmuigh a laghdú.
Ba cheart áiteanna ciúine a chur ar fáil agus a chaomhnú.
Ní déantar staidéar sásúil ar éifeacht an rùidbhealaigh ar shláinte an phobail.

Áitimid ar Bhord Phleanála an togra seo a dhiùltú.